+353 1 894 9767

Teachtaireacht an Phríomhoide

17-November-16

Ba mhaith liom fáilte mhór a chur romhat chuig suíomh úr Ghaelscoil Ros Eo. Tá súil agam go bhfaighidh cuairteoirí an tsuímh seo blaiseadh de shaol ár scoile. Is Gaelscoil thumoideachais, Chaitliceach sinn a úsáideann an Ghaeilge mar sprioctheanga. Táimid uilig an-bhródúil as ár dteanga dhúchasach. Is cuid dár n-oidhreacht í. Mar a deir an seanfhocal: “Beatha Teanga í a Labhairt”. Is í aidhm na foirne anseo oideachas ardchaighdeánach a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge i dtimpeallacht shona, chairdiúil agus chuimsitheach.

Bunaíodh Gaelscoil Ros Eo in 2008. Táimid ag forbairt agus fás ó shin. Creidim go láidir go mbíonn múineadh ag tarlú taobh amuigh de chomh maith le taobh istigh den seomra ranga. Mar sin, cuirtear ranganna eischuraclaim ar fáil do na páistí tar éis scoile. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le múinteoirí na scoile as an obair dhíograiseach a bhíonn ar siúl le linn agus i ndiaidh am scoile. Bíonn an doras i gcónaí oscailte anseo i nGaelscoil Ros Eo agus ba bhreá liom dá mbeadh tuismitheoirí páirteach i saol scoile a bpáistí.

Is mise le meas,

Tim Ó Tuachaigh

Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmháil
Gaelscoil Ros Eo,
CLG Naomh Maur
Ros Eo
Contae Átha Cliath
K56 C867
Éire

+353 1 894 9767

Green School
Suíomh
© 2017 Gaelscoil Ros Eo